About
Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís.
See omnystudio.com/listener for privacy information.