zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
Irish Independent
Seachtain
News
Irish
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Website
Episodes
168
20 May 2026
By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin?
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí...
23 min
14 May 2026
An dúnmharfóir Stephen McCullagh: 'Iar-chomhghleacaí de mo chuid'
Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste. Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullagh, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin. Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie....
27 min
07 May 2026
Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru
Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir. D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt. Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4. Tá a ceird forbartha...
22 min
30 April 2026
1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid...
22 min
23 April 2026
War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint
Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is...
27 min
15 April 2026
Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún...
22 min
09 April 2026
Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006. Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart. Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa. Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé...
24 min
01 April 2026
‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin...
26 min
26 March 2026
Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce,...
24 min
19 March 2026
The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf
Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in...
24 min