zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
100
09 April 2026
Tús Áite: Agóidí Breosla ar siúl i mBÁC
Labhair ár dtuairisceoir Cearbhall Ó Síocháin agus Pól Ó hÍomhair, Mac Léinn i gColáiste na Trionóide linn beo ó lár na cathrach agus iad ag cur síos ar na hagóidí breosla atá ag tarlú sa chathair le trí lá anuas.
6 min
09 April 2026
Tús Áite: Agóidí Breosla
Inniu an triú lá d’agóidí breosla. Cuireadh bac ar scaglanna ola i gCorcaigh agus i Luimneach agus ní raibh artola ar bith ar fáil i roinnt stáisiún bhreosla i ndeisceart agus iarthar na tíre. Labhair Mairéad Farrell, Urlabharaí ar Caiteachas Phoiblí agus Athchóiriú Shinn Féin, Teachta Dála Gaillimh Thiar agus Shane Curley, Seanadóir le Fianna Fáil
13 min
09 April 2026
Tús Áite: An Mheánoirthear
Dúirt Uachtaráin na hIaráine Masoud Pezenshkian gur sárú gan náire ar an sos cogaidh iad ionsaithe Iosrael ar an Liobáin agus nach mbeadh ciall ar bith le cainteanna síochána má leanann siad ar aghaidh. Phléamar an scéal seo le Piaras Mac Éinrí, Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
9 min
09 April 2026
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil
Scéalta ó na nuachtáin áitiúil le Joseph Mac Aoidh.
3 min
09 April 2026
Tús Áite: 09 Aibreán 2026
Cearbhall Ó Síocháin; Pól Ó hÍomhair Mac Léinn Coláiste na Trionóide; Máiréad Farrell TD Shinn Féin; Shane Curley Seanadóir le Fianna Fáil; Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta; Piaras Mac Éinrí Léachtóir i Coláiste na hOllscoile Corcaigh; Joseph Mac Aoidh; Emma Ní Bhroin
45 min
09 April 2026
Tús Áite: Féile Pan Ceilteach
Labhair Emma Ní Bhroin, Ball de Choiste na Féile Pan-Cheiltigh linn faoin fhéile agus an chomórtas amhránaíochta anocht.
3 min
09 April 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin.
4 min
08 April 2026
Tús Áite: Sos cogaidh idir Meiriceá agus an Iaráin
Labhair Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá agus Enda Hardiman Innealtóir agus Fear Gnó linn faoin sos cogaidh idir Meiriceá agus an Iaráin.
17 min
08 April 2026
Tús Áite: Mír na Meán
Mír na Meán le Síle Ní Choinceannain. An clár fáisnéise ar RnaG Gabriel Rosenstock: An Fear nár Saolaíodh Riamh agus an clár teilifíse Ar Son Na Cúise ar TG4 a bhí á phlé aici.
6 min
08 April 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag an Tráchtaire Polaitíochta Áine Ní Chiaráin.
8 min