zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
Irish Independent
Seachtain
News
Irish
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Website
Episodes
157
05 March 2026
Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na...
23 min
04 March 2026
'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na...
16 min
26 February 2026
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal...
25 min
18 February 2026
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógraíodh seachtain ó shin...
19 min
11 February 2026
Epstein, the files agus an nasc le hÉirinn
Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad. Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú. Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach...
23 min
06 February 2026
Noah Donohoe: Eolas suntasach ag teacht amach ón ionchoisne
I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne...
19 min
05 February 2026
Dunmharú Shaun Duffy: Pobal beag Gaeltachta ina dhiaidh an ionsaí
Sa bhliain 2005, thiar i gceantar tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, tharla ionsaí fíochmhar a d’fhág smál ar an phobal ann le breis agus fiche bliain anuas. Dúnmharaíodh Shaun Duffy, fear a bhí 36 bliain d'aois, ina theach féin tar éis oíche cheiliúrtha ar an 29 Eanáir. Níor cúisíodh éinne as an dúnmharú a tharla bliain is fiche ó shin. Tá achainí úr déanta ag na Gardaí ar dhuine ar bith a...
17 min
29 January 2026
Bríd: Bandia págánta nó bean naofa?
Ag dul siar na cianta, rinneadh ceiliúradh ag an am tábhachtach seo den bhliain. Ba é Imbolc ceann de mhórfhéilte an fhéilire Cheiltigh. Agus ag croílár an cheiliúrtha sin tá Bríd. Ach cad é an ceangal idir Bríd an bandia agus Bríd an naomh, más ann dó ar chor ar bith? Agus cérbh iad na bandéithe eile a shleamhnaigh as cuimhne na ndaoine le himeacht ama? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ríonach...
19 min
22 January 2026
Tubaisteach do na Gaeltachtaí: 2,300 fishing jobs i mbaol
Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír...
22 min
21 January 2026
Éigeandáil teanga sa Ghaeltacht: An bhfuil an Ghaeilge ag sleamhnú uainn?
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See...
17 min