What the Focal!? - S2 - Dr. Fionntán de Brún
03 November 2025

What the Focal!? - S2 - Dr. Fionntán de Brún

Raidió na Life 106.4FM

About
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!

Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!

Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.

Cad as a dtáinig ‘giob geab’?
Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile?
Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair?

An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán de Brún - scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach gradamúil, ar rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é. Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air. Scrígh sé tráchtas dochtúireachta dár teideal Seosamh Mac Grianna - an Mhéin Rúin.