
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.
Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d’achan íospartach.
Dúirt ‘máthair bhaistí’ na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
saoránach - citizen
éigeandáil - emergency
calaois - fraud
ailse - cancer
máthair bhaistí - godmother
intleacht shaorga - artificial intelligence