Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí.
Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
breith anabaí - miscarriage
torthúlacht - fertility
próiseas comhairliúcháin - consultation process
sprioc earcaíochta - recruitment target
crios eisiaimh - exclusion zone
cónaitheoirí - residents